Facebook Container by Mozilla Firefox
Ná lig do Facebook tú a rianú ar fud an ghréasáin. Cabhraíonn an breisiú Facebook Container le Firefox leat dul i gceannas ar do ghníomhaíocht gréasáin agus é a scaradh amach ó Facebook.
You'll need Firefox to use this extension
Meiteashonraí na hEisínteachta
Seatanna den scáileán
About this extension
Cad a dhéanann sé?
Oibríonn Facebook Container trí d'aitheantas Facebook a scaradh amach i ngabhdán leis féin ionas gur deacra do Facebook na suíomhanna gréasáin eile a osclaíonn tú a rianú le cuacha tríú páirtí.
Conas a oibríonn sé?
An chéad uair a shuiteálfaidh tú an breisiú seo, dúnfaidh sé do tháib Facebook, scriosfaidh sé do chuacha Facebook agus logálfaidh sé amach as Facebook thú.
An chéad uair eile dá dtéann tú isteach i Facebook lódálfar an suíomh i dtáb nua. Dath gorm a bheidh ar an táb sin le taispeáint duit go bhfuil tú sa ghabhdán.
Féadfaidh tú logáil isteach agus Facebook a úsáid mar is gnách agus tú sa Facebook Container. Má chliceálann tú ar nasc nach nasc Facebook é nó má dhéanann tú nascleanúint chuig suíomh gréasáin nach suíomh gréasáin Facebook é sa bharra URL, lódálfar na leathanaigh sin lasmuigh den ghabhdán.
Ach cnaipí Comhroinnte Facebook a chliceáil ar tháib bhrabhsálaithe eile lódálfar iad laistigh den Facebook Container. Mar eolas duit, nuair a úsáideann tú na cnaipí seo seolann tú eolas chuig Facebook i dtaobh na suíomhanna gréasáin ar chomhroinn tú uathu.
Cad iad na gnéithe nach n-oibreoidh ar shuíomhanna gréasáin eile?
De bhrí nach mbeidh tú logáilte isteach in Facebook ach amháin agus tú sa ghabhdán, ní oibreoidh tráchtanna leabaithe Facebook agus cnaipí Is maith liom i dtáib lasmuigh den ghabhdán. Coisceann sé sin Facebook ó eolas faoi do ghníomhaíocht ar shuíomhanna gréasáin lasmuigh de Facebook a cheangal le d'aitheantas Facebook.
Anuas ar sin, suíomhanna gréasáin a ligeann duit cuntas a chruthú nó logáil isteach le d'fhaisnéis aitheantais Facebook, ní oibreoidh siad i gceart de ghnáth. Bheadh coinne leis seo, de bhrí go bhfuil an breisiú seo ceaptha le húsáid Facebook a scaradh amach ón úsáid a bhaineann tú as suíomhanna gréasáin eile.
An bhfuil aon rud NACH dtugann Facebook Container cosaint air?
Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat nach gciallaíonn an breisiú seo nach féidir le Facebook sonraí fút atá aige cheana féin, nó a cheadaigh sé do dhaoine eile a fháil fút, a mhíláimhsiú. Beidh rochtain ag Facebook i gcónaí ar gach rud a dhéanann tú fad a bhíonn tú ar facebook.com, lena n-áirítear do thráchtaí Facebook, grianghraif a uaslódálann tú, tráchtanna, rudaí a gcuireann tú Is maith liom leo, aon sonraí a chomhroinneann tú le feidhmchláir nasctha de chuid Facebook srl.
In ionad éirí as seirbhís atá fiúntach duit a úsáid, is dóigh liom gurbh fhearr uirlisí a thabhairt duit ionas gur féidir teorainn a chur leis na sonraí is féidir le daoine eile a fháil. Dírítear sa bhreisiú seo ar rianú Facebook a theorannú, agus is féidir go bhféachfaidh líonraí fógraíochta eile do ghníomhaíochtaí Facebook a chomhghaolú le do bhrabhsáil rialta. Anuas ar an mbreisiú seo, féadann tú do shocruithe Facebook a athrú, Brabhsáil Phríobháideach a dhéanamh, rianairí agus cuacha tríú páirtí a bhacadh, agus úsáid a bhaint as an mbreisiú Firefox Multi-Account Containers chun rianú a theorannú tuilleadh.
Cad iad na sonraí a fhaigheann Mozilla ón mbreisiú seo?
Ní bhailíonn Mozilla sonraí ón úsáid a bhaineann tú as breisiú Facebook Container. Faighimid amach cá mhéad uair a suiteáladh nó a baineadh an breisiú. Foghlaim tuilleadh
Containers eile
Úsáideann Facebook Container gné Containers atá ionsuite cheana féin in Firefox. Nuair a chumasaíonn tú Facebook Container, is féidir go bhfeicfidh tú, leis, Containers darb ainm Pearsanta, Obair, Siopadóireacht agus Baincéireacht agus tú ag brabhsáil. Más mian leat Containers iolracha a úsáid, moltar duit breisiú Firefox Multi-Account Containers a shuiteáil leis an eispéireas úsáideora is fearr a bheith agat. Foghlaim tuilleadh ar ár suíomh tacaíochta.
Fadhbanna is eol
Agus Facebook ar oscailt agus tú ag nascleanúint chuig suíomh gréasáin eile leis an táb céanna (tríd an seoladh a chur isteach, cuardach a dhéanamh, nó cliceáil ar leabharmharc), lódálfar an suíomh gréasáin nua lasmuigh den ghabhdán agus ní bheidh tú in ann nascleanúint a dhéanamh siar go Facebook le cnaipe siar an bhrabhsálaí.
NÓTA: Más úsáideoir Multi-Account Containers thú a bhfuil Facebook sannta do Container agat cheana féin, ní oibreoidh an breisiú seo. Mar iarracht chun do chumraíocht agus logálacha isteach ar Containers a choimeád, ní chuirfear san áireamh sa bhreiseán an chosaint bhreise chun suíomhanna eile a choimeád taobh amuigh de do Facebook Container. Más amhlaidh gur mhaith leat an chosaint bhreise seo, díshann facebook.com ar dtús sa bhreisiú Multi-Account Container, agus ansin suiteáil an breisiú seo.
Cén leagan de Firefox is gá chuige seo?
Oibríonn an breisiú seo le Firefox 57 agus níos airde ar an Deasc. Tabhair ar aird nach n-oibríonn sé ar bhrabhsálaithe eile agus nach n-oibríonn sé ar Firefox le haghaidh fón póca.
Más dóigh leat go bhfuil Firefox 57+ in úsáid agat, ach go ndeir an leathanach suiteála leat nach bhfuil tú ar bhrabhsálaí tacaithe, is féidir leat triail a bhaint as é a shuiteáil tríd an nasc seo a roghnú nó a chóipeáil agus a ghreamú: https://addons.mozilla.org/firefox/downloads/latest/facebook-container/platform:2/addon-954390-latest.xpi. (Is féidir gur sainrogha atá socraithe agat nó breisiú atá suiteáilte agat a fhágann go gcuireann an brabhsálaí leagan doiléir den ghníomhaire úsáideora ar fáil ar chúiseanna príobháideachta nó eile is cúis leis seo.)
An bhfuil sé seo cosúil le breisiú Firefox Multi-Account Containers?
Scarann Facebook Container Facebook amach go sonrach agus oibríonn sé go huathoibríoch. Breisiú níos ginearálta is ea Firefox Multi-Account Containers a ligeann duit gabhdáin a chruthú agus rogha a dhéanamh faoi na suíomhanna a osclófar i ngach gabhdán.
Féadann tú Multi-Account Containers a úsáid chun gabhdán a chruthú le haghaidh Facebook agus facebook.com a shannadh dó. Féachfaidh Multi-Account Containers chuige ansin nach n-osclófar sa Facebook Container ach facebook.com. Mar sin féin, murab ionann agus Facebook Container, ní choisceann Multi-Account Containers ort suíomhanna nach de chuid Facebook iad a oscailt i do Facebook Container. Mar sin ní mór d'úsáideoirí na Multi-Account Containers a bheith beagán níos cúraimí agus féachaint chuige go bhfágann siad an Facebook Container chun nascleanúint a dhéanamh chuig suíomhanna eile. Anuas ar sin, sannann Facebook Container suíomhanna áirithe de chuid Facebook amhail Instagram agus Messenger chuig an Facebook Container. Nuair a bhíonn Multi-Account Containers agat, ní mór duit iad sin a shannadh do facebook.com, freisin.
Anuas ar sin, scriosann Facebook Container cuacha Facebook ó do ghabhdáin eile ar uair na suiteála agus nuair a atosaíonn tú an brabhsálaí, chun aon rianairí Facebook a d'fhéadfadh a bheith ann a ghlanadh. Ní dhéanann Multi-Account Containers é sin duit.
Fadhbanna a Thuairisciú
Má bhíonn aon fhadhb agat leis an mbreisiú seo, inis dúinn é trí fhadhb a chomhdú. Go raibh maith agat!

Rátáil d'eispéireas
PermissionsLearn more
This add-on needs to:
- Clear recent browsing history, cookies, and related data
- Monitor extension usage and manage themes
- Access browser tabs
- Access your data for all websites
Tuilleadh eolais
- Nascanna an Bhreiseáin
- Leagan
- 2.3.11
- Size
- 396.08 KB
- Nuashonrú is déanaí
- 9 míonna ó shin (19 Iúil 2023)
- Related Categories
- Ceadúnas
- Mozilla Public License 2.0
- Version History
- Tags
Add to collection
Release notes for 2.3.11
This release adds threads.net as a Meta-owned domain
More extensions by Mozilla Firefox
- There are no ratings yet
- There are no ratings yet
- There are no ratings yet
- There are no ratings yet
- There are no ratings yet
- There are no ratings yet